An tAm a Bhí
Ar chóir seanaithne a dhearmad
gan cuimhneamh uirthi arís?
Ar chóir seanaithne a dhearmad
's an t-am a bhí?
Curfá:
An t-am a bhí, a chroí,
an t-am a bhí,
is ólaimis deoch sláinte arís
don am a bhí.
Nach dtógfá pionta i do ghlaic
is ardóidh mé cuach dí,
is ólaimis deoch sláinte ar ais
don am a bhí.
Curfá
Ba ghnáth dúinn rith ar thaobh an tsléibh',
ag piocadh na mbláth mín;
ach chuamar beirt i bhfad i gcéin
ón am a bhí.
Curfá
Ba ghnáth dúinn tumadh ins an sruth
ó éirí go ham luí;
ach chuamar thar sleasa na dtonn
ón am a bhí.
Curfá
Seo duit mo lámh a chara cléibh!
Is beir greim mhaith uirthi!
Is taoscfaimid anois gach braon
don am a bhí.
Curfá
[After the Caledonian Ullans of Robert Burns.]
31 Nollaig 2010
Subscribe to:
Post Comments (Atom)

Ólfad deoch ar sin!
ReplyDeleteGo raibh, mar a deir na hAlmáinigh, deá shleamhnú isteach san Athbhliain agat.
Is aoibhinn liom an t-amhrán seo. An féidir leat é a chanadh!
ReplyDeleteDá mbeadh guth agam d'fhéadfainn é a chanadh, ach ós rud é nach bhfuil ...
ReplyDeleteTá a fhios agat, tá súil agam, go mbíonn deis ann do fhile a bheith i gcló in An Gael, má bhíonn ábhar dá chuid féin ann nó aistriúchán saor ó chóipcheart... Bímid ag lorg ábhair i gcónaí!
ReplyDeletewww.angaelmagazine.com